Ar go leor bealaí is meitheal nó teacht le chéile ceolmhar iad Jiggy in áit banna ceoil. Is iad ceann de na bannaí ceoil is nualaí anseo in Éirinn ag meascadh ceoil traidisiúnta na hÉireann le rithimí domhanda agus port croiúil damhsa. Tá clú agus cáil ar Jiggy fud fad na cruinne mar gheall ar an bhfíseán ‘Silent Place’ atá in ndiaidh níos mó ná 35 milliún radharc a fháil ar líne. D’éírigh leo an chéad áit sna cairteanna do cheol domhanda a bhaint amach lena albam ‘Translate’ in Éirinn, Meiriceá, Ceanada, An Fhrainc, an Pholainn agus sna Ríocht Aontaithe. Thug seo neart deiseanna dhóibh a bheith ag seinnt ag féilte fud fad na cruinne. 

Chomh maith le seo ar fad, tá siad i ndhiaidh amhráin Gaeilge a chur ar an ardán fud fad na cruinne le leithidí Síle Denvir, Eoghan Ó Ceannabháin agus Aoife Ní Cheallaigh ag canadh amhrán ar an sean-nós le rithimí domhanda mar thraic taca. 

Is cinnte go gcuirfidh Jiggy lucht freastail Féile na Gealaí ag damhsa.