valtos

Bíonn bannaí as Gaeltacht na hAlbain páirteach i bhFéile na Gealaí gach bliain agus ní haon eisceacht í 2023. I mbliana, is iad Valtos as an Oileán Scíathanach a bheidh linn. Is iad Martyn MacDonald agus Daniel Doherty a chur tús leis an aistear ceoil seo spreagtha ag leithéidí Niteworks agus Peatbog Faeries ag Skye Live.

Ainmníodh Valtos mar ‘Up and Coming Artist of the Year’ ag na Scot Trad Awards i 2022 agus tá a gceol leictreonach measctha le ceol traidisiúnta na hAlbain ag mealladh lucht leanúna timpeall na cruinne.