Is ceoltóir as Inis i gCo an Chláir é UshMush atá i ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar lucht leanta ceol na Gaeilge le blianta. Le meascáin de Gaeilge agus Béarla canta os gcion rithimí ón gCarribean, tá genre úrna dá chuid fhéin cumtha aige a cuireann go mór le ceoil nua na hÉireann agus ceol na Gaeilge – “Reggaelton”.  
 
D’éirigh le céad amhrán oifigiúil an ceannaire féin-cheaptha don genre “Reggaelton” darbh ainm “Grá Mór” aird agus suim an phobail a mhealladh chomh maith le saineolaíthe ceoil. D’éirigh leis dhá ainmniúcháin a fháil ag Gradam Ceol Nós.ie i 2018 chomh maith le moladh ón blagalaí Nialler9’s agus craoladh é ar Dublin Digital Radio, RTE 2XM, Levelz Radio Glasgow agus go leor áiteacha eile. Ó shin, tá sé ag dul ó neart go neart agus ag seinnt timpeall na tíre le leithidí Kneecap, Wagwan agus The Mud Bubble. Beidh lucht freastail Féile na Gealaí ag canadh lena friotail tógalacha agus ag baint sult as na vibes faoi na réaltaí.