Is i nGaillimh a bunaíodh Tuath i 2014, banna shoegaze i nGaeilge a bhí iontu ó thús gur shocraigh siad a ghabháil i dtreo eile 2015 ó tharla nach raibh lirící le cluinstin sa stíl áirithe sin. In 2015 d’éirigh le Tuath an babhta ceannais a bhaint amach i Suns, comórtas ceoil do theangacha mionlaithe san Iodáil, lena n-amhrán “Níl tú ann” atá faoi thionchar na ndrugaí a thugtar do dhaoine le hailse i ndeireadh a saoil, “Bhí uncail s’agam ann ach ní raibh a mheabhair ann níos mó”-Rob

I gcaitheamh na mblianta d’eisigh Tuath ceol i mBéarla, i nGaeilge agus i nGearmanais i réimse leathan de stíleanna agus bhí tionchar chultúr na hidirlíne le sonrú sna hamhráin. Sheinn siad le go leor cibearbhannaí ag a leithéidí Electric Picnic agus go leor ardáin eile fud fad na tíre i gcuideachta Altered Hours, Fontaines DC, Junk Drawer, Shammen Delly agus le déanaí Hun Huur Tu.

Dúirt Rob “Ní raibh mé ag iarraidh ceol a dhéanamh i nGaeilge muna raibh Ghaoth Dobhair agus stair Ghaoth Dobhair mar a pháirt de, thosaigh mé ag meascú ceol Afracach le ceol traidisiúnta agus stuff psychedelic le albaim a dhéanamh i nGaeilge amháin, ag glacadh téamaí ó Ghaoth Dobhair agus an nua-choilíneachas, go h’araithe an cogadh talún agus an droch shaol.” 

Beidh Tuath ag seinn ar fud na tíre i 2022 agus beidh dhá rian acu le Súil Amháin i 2022 darbh ainm “Dúchas” agus “Mono-cultúr” i gcuideachta cúpla singil eile.