Torby

Is é Torby an t-ainm ardáin atá ag Conor Torbóid, Eagarthóir NÓS (NB: níl aon bhaint aige leis an mholtóireacht!). Tá sé ag scríobh a gcuid amhrán le tamall agus in 2023 d’eisigh sé cnuastéip rapcheoil dhátheangach dar teideal Chicken Sambos. Focail fhónta agus rithim ghreamúil is sainchomharthaí dá rianta, ar minic an dánacht a bheith ag baint leo.