Is i gColáiste Pobail Ráth Chairn a tháinig an grúpa Súp le chéile agus tá siad ag casadh le chéile 3 bliana. Bhí siad páirteach i Scléip faoi dhó agus anuraidh, bhí an banna ag casadh ag Féile na Gealaí fíorúil. Is iad Molly Ní Mhóráin as Ráth Chairn an príomhamhránaí. Duine eile de bhunú na Gaeltachta atá ar an dordghiotár, Ruadhán Ó Méalóid. Is as Baile Átha Troim de Rebecca Ní Chatháin a chasann an méarchlár agus Laoise Nic Uilic a bhíonn ag casadh giotáir agus ag canadh. Ní bheidh Laoise ag casadh leis an mbanna ag Féile na Gealaí toisc í a bheith ag tabhairt faoin ardteistiméireacht agus beidh Odhrán Ó Ceallaigh leo agus é ag casadh giotáir. Is é Seán Ó Raifeartaigh atá ar na drummaí. Is rac-cheol is mó a shasann an banna agus suim faoi leith acu i gceol na n-ochtóidí agus na nóchaidí.