pólca 4

Is é Súil Amháin an togra hip hop athá aige Séamus Barra Ó Súilleabháin, file ó Lios Tuathail. Saolaíodh i Lúndain é agus tógadh i gCiarraí Thuaidh é. Thosnaigh sé ag aithris filíocht ó bhéal agus é ar ollscoil sa Ghaillimh agus bhuaigh sé Slam Uile-Éireann sa bhliain 2011. Cé gur fhoilsigh sé cnuasach filíochta in 2016 (Beatha Dhónaill Dhuibh) -is ag brath ar bhuillí hip hop a bhíonn sé na laethanta seo chun véarsaí a cheapadh. Mar chuid de thogra a bhí á chur le chéile ag an ealaíontóir Áine Ní Chíobháin i gcomhair Other Voices, cuireadh é ag comhoibriú leis an scoithléiritheoir Bantum ar amhrán dar teideal ‘Viva Liobarnach’, agus ó shoin i leith, tá cúig amhrán leo eisithe agus mórán d’fhéilte na tíre bainte amach aige Súil Amháin dá n-aithris beo. Tá an físeán is déanaí uaidh ‘Murder Machine’ ar fáil anois agus is é a sheanchara agus comhbhádóir Rob Ó Maoilchiaráin (Tuath) a léirigh.