I gcorplár na dianghlasála is ea d’fhiafraigh Áine Ní Chíobháin de Súil Amháin ar mhaith leis siollaí (agus seilí) a chur ar rian úrnua leis an léiritheoir aitheanta Bantum i gcóir an taispeántais ‘Cogar’ a bhí á reáchtáil aici do fhéile Other Voices in 2020. Ba bheag an mhoill a bhí ar Súil Amháin (a bhfuil dhá shúil aige) maidhc ar iasacht a lorg ar chomharsa leis chun a ghlór a thaifead. Tá ceithre rian curtha amach go dtí seo – Viva Liobarnach, Lá Breá, Incantation of Féile-Flow Funk agus Oíche Mhaith. Tá cliú agus cáil bainte amach ag Súil  Amháin nó Séamus Barra Ó Suilleabháin mar fhile agus rapalaí agus bhí sé ar stáitse ag Féile an Earagail, Other Voices, Liú Lúnasa agus Reic. Tá tarracar port eile le teacht uathu in 2021.