Is í Sibéal Ní Chasaide, as Ráth Chairn, duine de na ceoltóirí óga traidisúnta is aitheanta in Éiriinn faoi láthair. Tháinig sí chun solais i 2016 lena leagan álainn de ‘Mise Éire’ agus tá sí i ndiaidh canadh ar ardáin in Éirinn, Nua Eabhrach, Londain agus áiteacha eile fud fad na cruinne. Bíonn sí le cloisteáil go minic ar na meáin agus d’eirigh go hiontach lena céad albaim ‘Sibéal’ a eisíodh sa mbliain 2019. 

Tá ceol Sibéal, fréamhaithe i dtraidisiúin amhránaíochta Ráth Chairn le béim láidir ar an sean-nós. Tá sí fíor-bhródúil as a ceantar dúchais agus ag súil go mór le ceolchoirm a dhéanamh sa mbaile ag Féile na Gealaí.