pólca 4

Tá ceann de na bannaí ceoil is aitheanta is saol na Gaeilge ‘s na Gaeltachta ag teacht go Féile na Gealaí i 2023. Ríthe an Oireachtais, banna a chuireann na mílte ag damhsa ag Club na Féile agus atá bródúil as ceol bríomhar Chiarraí. Tá an bhuíon ceoltóirí Pólca 4 le chéile ón mbliain 2017, agus bíonn siad le clos ar stáitsí ag féilte éagsúla. Bíonn Pólca 4 le clos ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le feiscint ar chláracha teilifíse agus éileamh nach beag ar an gcóiriú bríomhar do Neilí ‘n Fuacht, ó 2017, leagan a chuireann rinceoirí seite le gealaigh, agus go deimhin a thuilleadh nach iad. Níl aon dabht, ach gur ceol bríomhar, lán do spriod, croí &  anam, ó Iarthar Duibhneach a sheinneann Pólca 4.