Na Shanvans

Is banna ceoil indie-rac dhúchasach as iarthair Bhéal Feirste iad The Shan Vans déanta suas de cúigear as iardhalta de Choláiste Feirste, Jake Óg Mac Siacais, Aidan Mackin, Colm Gillen, Adam Gamble agus Breandán McGlone.

Eascraíonn ainm uathúil an bhanna ón téarma Gaeilge ‘Sean-Bhean Bhocht’. Tá an-tóir ar an Shan Van Vocht mar thagairt litearthachta ar fud an oileáin leis na céadta blianta. Tá nasc faoi leith ag an ainm le Béal Feirste mar is The Shan Van Vocht an teideal ar irisleabhar móréilimh cultúrtha a bunaíodh i mBéal Feirste ag deireadh an 19ú haois.

Cé nach bhfuil siad ar an mbóthar ach le bliain anuas tá dhá shingil eisithe acu le bliain anuas agus gigeanna móra déanta acu ina measc Féile an Phobail agus an Phicnic Leictreac. Go minic, bíonn siad ag screadaíl fán dhíchoilíniú agus a fuath don stáit oráisteach sna sé chontae, agus an tsaorstát ó dhéas. Agud nuair nach bhfuil siad ag plé ceisteanna Éire nua, bíonn siad ag tarraingt aird ar an chine-dhíothú agus an forghabháil atá ag tarlú sa Phalaistín chomh maith le iarmhairtí an choilíneachais fud fad an domhain.