Na Fíréin

D’eascair Na Fíréin as féile Rac-cheoil Cheilteach, ROC1 a d’eagraigh Séamus Ó Maitiú i Rath Chairn, Co. na Mí ar 4-6 Bealtaine 1984. Ghlac Gearóid Ó Murchú agus Colm Mac Séalaigh le cuireadh Shéamuis seinm ag an bhféile faoi ainm Tŷ Bach, banna a bhí acu sna 70í. Bhí tionchar mór ag grúpaí ceoil na Breatnaise ar Ghearóid agus ar Cholm. Eisíodh albam Tŷ Bach, ‘Téanam Ort’, ar Outlet Records i 1974.

Chun rac-bhanna a chur le chéile le haghaidh Roc1 thug Colm cuireadh dá chol ceathair, Eoin Smith (giotár), agus dá chomrádaithe Fran McBride (drumaí) agus Mike Brady (dordghiotár) seinm in éineacht leo le haghaidh Roc1. Chas siad an leagan rac-cheoil de ‘Thír na n-Óg’ den chéad uair ag an ócáid sin.

Tar éis Roc1 sheinn ‘Tŷ Bach’ gigeanna sna coláistí Samhraidh i gConamara agus ag Carnabhal Sráide Átha Cliath. Ag deireadh 1984 agus bhunaigh Gearóid Ó Murchú, Colm Mac Séalaigh Eoin Smith agus Fran McBride Na Fíréin.

Sheinn daoine eile leo ó am go ham i rith na mblianta: Mick Brady (dord), Mick O’Neill (méarchlár), John McGovern (méarchlár), Dónal Ó Faolain (sacsafón) agus go háirithe Caitríona Ní Threasaigh a sheinn méarchlár ar feadh achar fada ó 1987. Bhí Eddie Manning ina fhear fuaime agus léiritheoir don ghrúpa ar feadh seacht mbliana.

Tar éis a bhunaithe chaith an banna a lán dúthrachta ar chleachtadh agus ar chumadóireacht agus ar ghigeáil ar fud na tíre. Sna blianta 1986-1989, rinne Na Fíréin breis agus 60 gig fud fad na tíre agus 10 gcinn ar an teilifís.

I 1986 eisíodh chéad albam an ghrúpa, ‘Sin Mar a Bhíonn’, ar lipéad Ghael-Linn. Tá amhráin aitheanta an bhanna, Dífhostaithe, Sin Mar a Bhíonn, Deireadh na Seachtaine, Oíche sa Ghréig, Tír na nÓg ar an albam sin. Sa bhliain 1991 d’eisigh Na Fíréin an dara albam, ‘Beagáinín Níos Fearr’, ar a lipéad féin, Gealt. Is ar an albam seo a eisíodh den chéad uair an leagan deifinídeach ‘rac’, an leagan ‘beo’, de Thír na nÓg. Sa bhliain 1994 eisíodh ar lipéad Gael Linn dlúthdhiosca de rogha fiche amhrán de chuid amhrán Na Fíréin.

Tar éis 1990, d’éirigh Na Fíréin as a bheith ag taisteal agus ag seinm ar bhonn rialta, seachas ar chorr-ócáid ar leith ar nós Pléaráca Chonamara, an Chabaret Craiceáilte agus Oireachtas na Gaeilge. In 2012 Rinneadh clár teilifíse ‘Na Fíréin Arís’ a craoladh ar TG4 agus mar chuid de taifeadadh gig sa Chultúrlann i mBéal Feirste.