Tá lúchair mhór ar Fhéile na Gealaí fáilte mhór a chur roimh Marit Fält and Rona Wilkie chuig féile na bliana seo le tacaíocht ó Colmcille Éire agus Alba.
 
Beirt de na ceoltóirí agus cumadóirí is aitheanta in Albain, tá siad i ndiaidh seinnt fud fad na hAlbain agus na hEorpa le 10 mbliana anuas agus ag féilte ar nós Celtic Connections, The Hippodrome Silent Film Festival, Liú Lúnasa agus go leor leor eile agus an-tóir go deo ar an gceol bríomhar a nascann genres éagsúla ach atá fréamhaithe go láidir i gceol traidisiúnta na hAlbain. 
 
Tá siad ag obair ar thogra nua Éireannach/Albanach dárbh ainm ‘Gasta’ faoi láthair le Cian Mac Cárthaigh agus Ríona Sally Hartman as IMLÉ agus Ross Whyte as an grúpa Whyte ag tabhairt ardán do cheol nua sa dá theanga. 
 
Tá neart spraoi agus fuinneamh ina gceol mar sin bígí ag súil le damhsa!