the len collective

Is ceoltóirí traidisiúnta ó Bhaile Átha Cliath iad na baill don Len Collective. Cé gur bhunaíodh an grúpa go hoifigiúil i 2022, tá sean taithí ag na ceoltóirí seo a bheith ag seinnt i dteannta a chéile fud fad na tíre. Ar ndóigh is minic a bhíonn siad ag seinnt timpeall ar Bhaile Átha Cliath, agus is cinnte go mbeadh duine acu le feiscint sa Cobblestone nó i Pipers Corner go háirithe.

An samhradh seo caite, sheinn siad ag All Together Now, Electric Picnic, Courtyard at IMMA, the Otherside, in Áras an Uachtarán, agus i mbliana tá siad ag súil go mór le bheith ag seinnt sa Grand Social le hIspíní na hÉireann, ag féile Me Auld Flower, ag Lá Mór na Gaeilge, ag Féile Nasc agus Féile na Gealaí, Otherside Festival, chomh maith le cúpla rud eile. Bígí leo!