Joy Dunlop

Is amhránaí Gaidhlig agus damhsóir í Joy Dunlop a bhfuil iliomad duaiseanna buaite aici. Is as Connel, Argyll di ó dhúchas a bhfuil an domhain taistealta aici, an Ríocht Aontaithe, An Eoraip, Ceanada, An Nua-Shéalainn agus na Stáit Aontaithe ina measc. Cainteoir líofa Gàidhlig agus buaiteoir bhonn óir Mòd í Joy. Moladh í don duais ‘Gaelic Singer of the Year’ ag an Scots Trad Music Awards 2010 agus 2011 agus bhuaigh sí an Duais Feta sa bhliain 2010. Bhuaigh sí Amhránaí Traidisiúnta na Bliana agus Seaimpín Damhsa Idirnáisiúnta Pan Ceilteach sa bhliain 2015, an chéad duine a bhuaigh an dá chatagóir riamh.

Le blianta beagan anuas, tá Joy ag forbairt fuaim níos mó agus níos láidre ná ariamh lena cairde ceolmhara, Ron Jappy (giotar), Mhairi Marwick (fidil), Gus Stirrat (dord) and Scott Jamieson (drumaí). Cuireann siad béim ar leith ar rithim láidir agus riffs tarraingteach. Seo a chuirfidh fonn damhsa ort agus atá ag tarraingt aird ag ionaid agus féilte fud fad na hAlbain – bígí réidh do chóisir Gaelach!