joe jack attack

Tá Cathal Ó Curráin agus Megan Nic Fhionnghaile as Gaoth Dobhair aitheanta fud fad na cruinne as a gcuid ceoil álainn. Fidléirí agus amhránaithe den chéad scoth atá I ndiaidh seinnt ag féilte móra fud fad an domhain. Rud nach bhfuil ar an eolas ag an oiread sin daoine ná gur col ceathracha iad, beirt gharpháiste le Joe Jack. Tá siad féin agus a gcairde ag teacht le chéile chun an chóisir a thosú ag Club na Féile ag Féile na Gealaí 2023 agus más aon chomhartha a gig ‘neamhoifigiúil’ ag féile na bliana seo caite beidh craic fiánta ann!