IMLÉ agus Róisín Seoighe

Is bailiúchán do cheoltóirí iad IMLÉ atá faoi stiúir an léiritheoir/ceoltóir Cian Mac Cárthaigh. Bíonn ceoltóirí éagsúla ag casadh agus ag taifeadadh le IMLÉ an t-am ar fad. Bíonn sé i gcónaí i gceist acu stíleanna ceoil a mheasadh agus rudaí úr agus éagsúil a léiriú. I láthair na huaire tá IMLÉ ag scríobh agus ag taifeadadh EP nua le Róisín Seoighe.

Is cumadóir, ceoltóir, amhránaí agus damhsóir í Róisín Seoighe as Conamara. Thosaigh sí ag canadh agus ag damhsa ag aois an-óg agus thug sí faoin gcumadóireacht agus í ina déaga. Thug sí léi an chéad áit sa Preda Freedom Day Song Competition lena amhrán ‘Freedom Song’ chomh maith le Gradam Nós 2017 agus Gradam Scléip a bhuachaint dá cumadóireacht i nGaeilge. Ghlac sí páirt sa mhórthogra ilealaíona ‘Aisling’ le leithéidí Johnny Óg Connolly, Máiréad Ní Mhaonaigh agus Eoghan Mac Giolla Bhríde. Tá ardmholadh faighte aici uaidh amhránaithe agus ceoltóirí thar na blianta ina measc Damien Dempsey a dúirt gur thug sí na deora leis lena cuid ceoil. Aithnítear an-chuid seánraí éagsúla ina cuid ceoil ina measc; pop, folk agus ceol traidisiúnta na hÉireann. Thosaigh Róisín amach sa saol mar amhránaí ar an sean nós agus cloistear gnéithe den stíl amhránaíochta seo fós ina ceol comhaimseartha. Tá sé mar aidhm ag Róisín stíleanna éagsúla ceoil a mheascadh le chéile ar bhealach nach bhfuil cloiste riamh cheana, go háirithe as Gaeilge. Is amhráin féin chumtha ar fad a chasann sí agus is minic go ndéantar iniúchadh ar cúrsaí teanga, ár gcaidreamh leis an domhan atá timpeall orainn agus ár dóchas a aimsiú in éadóchais an t-saoil ina cuid amhráin.