huartán

Grúpa Úrnua atá lonnaithe i mBéal Feirste ach a thugann gnéithe as fud fad Ulaidh agus níos faide i gcéin Tá Huartan comhdéanta de thriúir Ultacha a tháinig le chéile ar dtús sa Teach Bheag (The Hawthorn Bar) ar Bhóthar na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste. Ceoltoirí traidisúnta iad le suim ar léith acu sna sean-amhráin atá i mbaol. Shocraigh siad an tionscnamh nua seo a thoiseacht ina dtógfar na sean-amhráin Uladh agus iad a chur le ceol leictreonach chun fuaim iomlán nua-aimseartha a bhaint amach.

Is é an sprioc atá ag Huartan ná, na sean-amhráin seo a scaipeadh arís, go háirithe le mhuintir óga na tíre, chun na hamhráin tábhachtach, dúchasach seo a choinnéail beo.