grooveline

Is banna ceoil óg as Liatroim iad Grooveline a tháinig le chéile ar scoil cúpla bliain ó shin. Thug siad leo an chéad áit ag comórtas ‘Beo’ i 2018. Is iad Evan Gerry, Tarach Ó Snodaigh, Matthew Connolly, Glen Feely agus Bronwyn Kirwan atá sa mbanna Tá fuaim faoi leith ag Grooveline, ceol raic le ionstramú láidir agus teacht i láthair iontach, bríomhar ag an mbanna le seó beo den chéad scoth ar stáitse. “Is as cúlra ceoil an-éagsúil ar fad iad GrooveLine, is seisreád il-seánra iad a chumann ceol den scoth i mbealach iontach réabhlóideach agus draíochtúil le focail a chuirfidh faoi gheasa thú. Deirtear go bhfuil a dtaispeántais thar a bheith ilghnáthach, ag nascadh rac-cheol le séis-cheol eile chun taispeántas beo thar a bheith taitneamhach a chur le chéile’’ – Hot Press Magazine