Grooveline 

Is banna ceoil óg as Liatroim iad Grooveline a tháinig le chéile ar scoil cúpla bliain ó shin. Thug siad leo an chéad áit ag comórtas ‘Beo’ i 2018. Is iad Evan Gerry, Tarach Ó Snodaigh, Matthew Connolly, Glen Feely and Bronwyn Kirwan atá sa mbanna.

Tá fuaim faoi leith ag Grooveline, ceol raic le ionstramú láidir agus teacht i láthair iontach, bríomhar ag an mbanna le seó beo den chéad scoth ar stáitse.

Tá Grooveline ag dul i bhfeidhm ar lucht éisteacht fud fad na tíre. Aimníodh iad don bhanna nua is fearr ag Gradam Nós i 2019 agus 2020 agus bíonn siad le cloisteáil go minic ar stáisiún raidió ina measc Raidió na Gaeltachta, Raidió Rí-Rá agus Ocean FM. Bhí gigeanna acu ag Electric Picnic, St. Patrick’s Fest, Whelan’s, Sea Sessions agus go leor áiteacha eile.