Emma Ní Fhíoruisce

Is amhránaí agus giotáraí óg í Emma Ní Fhíoruisce a tháinig i réim leis an ghrúpa An Crann Óg i nGaoth Dobhair. Bíonn sí anois ag seinnt go haonarach ar stáitsí agus féilte ar fud na cruinne ina measc Fleadh Cheoil na hÉireann, Templebar Trad Fest, Celtic Connections, Féile Naomh Pádraig Madrid agus anseo ag Féile na Gealaí.  Faoi láthair tá sí ag obair ar a céad albam aonair agus súil aici é a sheoladh go luath.