dris-og

Banna úrnua as An Spidéal i gConamara iad Dris- Óg le Seán Ó Gallchobhair ar an
dord-ghiotáir, a dheirfiúr Katie mar phríomhamhránaí agus Dylan Whelan ar na drumaí.

Seinneann siad rac-cheoil Gaelach nuachumtha den chuid is mó, ach scaití seinneann siad leaganacha Gaeilge d’ amhráin rac mór-le-rá (leithéidí Nirvana srl). Tá dhá shingil eisithe acu go dtí seo: Lig Dom Imeacht & Réabhlóid (Beo san INEC). Tá níos mó amhráin nuachumtha scríofa agus á dtaifead acu agus iad ag súil le EP a chur amach
go luath.


Ainmíodh Dris-Óg do Núíosach na Bliana ag Gradaim Nós 2019, agus do Núíosach na Bliana & Físeán na Bliana (do Lig Dom Imeacht) ag Gradaim Nós 2020 agus tá neart gigeanna seinnte acu timpeall na Gaillimhe ina measc searmanas oscailte Gaillimh 2020!