Cuas

Tháinig Méabh Ní Bheaglaoich (bosca ceoil, amhránaíocht), Nicole Ní Dhubhshláine (consairtín, flúit), Niamh Varian-Barry (fidil, viola, amhránaíocht), and Kyle Macaulay (giotár, bouzouki)  le chéile sa mbliain 2023 faoin ainm Cuas – sárghrúpa a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht láidir agus luachmhar ceoil Iarthar Chiarraí. Sheol siad a chéad albam ag Féile na Bealtaine na bliana seo agus is cinnte go gcuirfidh siad lucht na féile ag damhsa ach go háirithe lena polcaí agus sleamhnáin.