Ciarán & Éamonn Mac Donncha

Athair agus mac as Ráth Chairn Glas na Mí. Tá Eamonn aitheanta fud fad na tíre agus tóir ar a leaganacha álainn de na hamhráin móra Gaeilge agus Béarla ach is a mhac Ciarán atá ag tarraingt cainte le blianta beaga anuas. Gan é ach 11 bliain d’aois, tá craobh na hÉireann bainte aige ar an ngiotár, lucht éisteachta aimsithe aige dó fhéin agus é ina réalta ar na meáin shóisialta. Beidh Ciarán agus Éamonn ag cur tús le Féile na Gealaí i mbliana agus tá muid cinnte nach é an uair deireadh go mbeidh ceachtar
acu ar an stáitse céanna!