Ceann Gólaim

Is as an gCorrabhuí i Leitir Mealláin d’Aoife, Michael agus Pj Sonny Choilm Learaí Ó Conghaile. Is beirt dheartháir iad Michael & Pj agus is í Aoife iníon Mhichael. Tá an banna ceoil Ceann Golaim ar an bhfód le breis is ceathracha bliain. Is é Sonaí Choilm Learaí a bhunaigh an banna ceoil ar dtús. Tá amhráin agus poirt curtha ag an mbanna ceoil ar go leor ardáin ó cheann ceann na tíre agus thar sáile. Is breá leis an mbanna an
chraic a bhíonn acu leis an lucht éisteachta.

Tá Ceann Gólaim nó Clann Sonaí Choilm Learaí ar an mbóthar le fada an lá agus iad ar cheann de na bannaí damhsa is mó tóir orthu i gConamara. Déan cinnte go bhfuil na bróga tairní réidh mar beidh sibh ag damhsa sa gclub le Aoife, PJ agus Míchéal!