boss sound manifesto

Grúpa reigé agus ska as Béal Feirste iad Boss Sound Manifesto atá ar an fhód le tamall de bhlianta agus a bhfuil lucht leanúna dílis cruthaithe acu ag a gcuid gigeanna cois cuain agus in áiteanna eile.

Thosaigh an banna ag ceol i nGaeilge ag an tús idir rud amháin agus rud eile, ba i mBéarla ba mhó a bhí liricí a n-amhrán. D’athraigh sin i 2015 agus is i nGaeilge atá formhór a gcuid amhráin ó shin. “Dar linn go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbíonn ceol maith, agus réimse leathan de, inár dteanga féin,” arsa Cormac ‘Buzz’ Ó Briain, Gael aitheanta atá ar bhunaitheoirí an bhanna.

Seoladh a gcéad Albam Márta 2022 agus iad ag súil le ceol nua a chur os comhair an slua ag Féile na Gealaí na bliana seo. “Ní féidir seomra lán daoine ag damhsa le do chuid ceoil a shárú, tá sé dochreidte.” a deir Cormac. Is cinnte go mbeidh na sluaite ag damhsa leo i mí Meitheamh.