Na Bonnymen

Tá cuisle bhríomhar chathair Bhaile Átha Cliath le sonrú go láidir I gceol Na Bonny Men, atá ar an bhfód anois ó 2011. Is bailiúchán fíor chumasach, cheolmhar iad na Bonnymen agus ina measc tá iar-bhuaiteoir Ceoltóir Óg na Bliana TG4, Maitiú Ó Casaide, buaiteoir Craobh Domhanda an Bodhrán, Conor Lyons agus an t-amhránaí sean nós clúiteach, Róisín Chambers. 

Tá siad ag dul ó neart go neart agus camchuairteanna uile Éireann agus domhanda déanta acu agus bíonn éileamh mór orthú ag féilte ar nós Electric Picnic, Le Son Continu, Festival Interceltique de Lorient, Celtic Connections, Body & Soul agus go leor eile. Banna ildánach le rian an tseancheoil agus fuinneamh grúpaí móra na seachtóidí le sonrú go láidir ina gcuid cóiriú. 

Tá trí cheirnín eisithe acu, The Bonny Men (2011), Moyne Road (2015) & The Broken Pledge (2020) agus tá siad ag obair leo faoi láthair ar an ceathrú ceirnín a bheidh ar fáil go luath an bhliain seo chugainn.

Baill na Bonny Men ná –

Maitiú Ó Casaide (píob uilleann), Natalie Ní Chasaide(méar chlár), Barry Lyons (guitar), Conor Lyons (bodhrán / bouzouiki), Adam Ó Faoláin (bouzouki), Moss Landman (feadóg mhór), Turlough Chambers (fidil) & Róisín Chambers (guth).