An Chéad Ghlúin Eile & cairde

Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúrtha an oileáin seo. Maireann sí ar bhéal na ndaoine, agus tá sí ceangailte go dlúth le spiorad na nGael. Is tréimhse rathúil í seo d’amhránaíocht na Gaeilge agus tá glúin nua faoi bhláth, dream atá muiníneach, bródúil, cruthaitheach agus tiománta don chultúr dúchasach. Tá Máire & Étáin Ní Churraoin as Ráth Chairn i ndiaidh meitheal dá gcairde as an ngrúpa Bláth na hÓige a thabhairt le chéile, ina measc Cathal Ó Curráin, Séamus Ó Flátharta, Megan Nic Ruairí agus duine dá meantóirí agus buaiteoir Gradam Ceoil TG4 2023 Síle Denvir. 

Is meitheal nua ceannródaíoch amhránaíochta é Bláth na hÓige a thugann ardán d’amhránaithe ildánachaas  fud fad na tíre. Tá an amhránaíocht i smior agus i smúsach na n-amhránánaithe óga seo, ó Chonamara go Rann na Feirste, ó Ráth Chairn go Gaoth Dobhair, agus is turas cruthaitheach corraitheach é seo dóibh agus iad ag an tráth seo dá n-aistear ceoil.