Banna ceoil de thriúr atá sa ghrúpa Bandia – Lauren Ní Chasaide, Aidan O’Leary agus Jill Mc Mahon. Déanann Bandia clúdach ar na hamhráin mhóra ó na 80í, na 90í agus na 00í a chuireann gach duine ag damhsa ach le hathrú beag amháin – is i nGaeilge atá siad! Bígí ann le Fleetwood Mac, The Cranberries, fiú Cher ‘Gaelach’ a chloisteáil – Beidh sibh ag bopáiil!