bandia

Banna ceoil de cheathrar atá sa ghrúpa Bandia – Lauren Ní Chasaide, Aidan O’Leary, Jill Mc Mahon agus Simon O’Carroll. Déanann Bandia clúdaigh ar na hamhráin mhóra ó na 80í agus na 90í ar aghaidh a chuireann gach duine ag damhsa ach le hathrú beag amháin – is i nGaeilge atá siad! Bígí ann le Fleetwood Mac, Kate Bush, The Cranberries, Britney agus fiú Cher ‘Gaelach’ a chloisteáil – Beidh sibh ag bopáil!